Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bhíodh sé ag ceol agus ag buaileadh an cheoil sula ndeachaigh sé go Sasana, bhuail sé an orgán béil ach ní dhearna sé mórán eile leis ar feadh blianta. Ghlac se páirt sa Fleadh Ceoil agus bhain sé craobh na h-Éireann 1962-63’. In 1956 cheol sé ag Aifreann agus thug sin uchtach dó. A fhad agus a bhí sé in Sasana thosaigh sé ag ceol tíre i dtithe tábhairne agus in clubanna. Lean sé ar sin ar dtús sa Bhreatain agus as sin fríd na hEorpa uilig. Bhuail sé suas le cailín as California a bhuail an chláirseach agus cheol siad le chéile ar feadh aon bhliain déag. | 00:09:15 | |
Na hamhráin a bhíodh á gceol aige, amhráin a bhí na Sasanaigh tugtha daofa. Ní raibh na hamhráin chéanna ag na Sasanaigh agus a bhíodh ag na hÉireannaigh, bhíodh amhráin na hÉirinn i bhfad níos deise. Rinne sé cúig cheirnín. | 00:03:33 | |
Píosa d’agallamh taifeadta a rinne sé in Sasana fá dtaobh dena chuid ceoil. | 00:01:32 | |